Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Comparáid idir an saol / an t-am / an Ghaeilge / nathanna cainte ansin agus an lá atá inniu ann. Níl léir de ann anois. | 00:03:59 | |
Bhí na comharsan iontach maith dona chéile san am, bhíodh siad ag caint agus ag comhrá agus ag cuidiú lena chéile i gcónaí. A chuimhní ar seo. Tá athrach mór ar an saol anois. Thógadh siad na tithe san áit ar mhaith leo. Chaitheadh siad bóitheach na gcearc a thógáil fosta nuair a thógadh siad na tithe. Lena dheirfiúr an sean teach anois. Níor shíl siad san am go raibh an saol crua. Ní raibh mórán airgid ag duine ar bith. Bhí buachailleacht le déanamh nó bhí léir barr curtha agus chaitheadh siad uilig sin a dhéanamh. | 00:06:04 | |
A bharúil faoin athrach mór atá tagtha ar an saol. Díoltar oiread ar bhróga anois (£60) agus a shaothraigh fear in séasúr iomlán in am John. Tá an mhaith agus an t-olc le feiceáil san athrach. Tá daoine ag dul thar a n-acmhainní. Tá daoine beo níos faide anois ná mar a bhí, bhíodh siad ag fanacht le litir as Albain roimh seo agus cúpla punt istigh ann lena bhfiacha a dhíol. Níl rómhair ar bith a dhéanamh anois. Níl suim ar bith ag an aos óg ann níos mó. | 00:04:34 | |
Athrach mór ar an áit agus ar na daoine. Tá an Ghaeilge ag meath agus anois ní thuigtear na nathanna cainte nó na focail a bhíodh in úsáid san am sin. | 00:01:43 | |
Saol eile ar fad a bhí ann san am sin, bhí an saol níos crua ach bhí siad ábalta cur suas leis. Chaitheadh siad imeacht ar imirce agus oibriú, ní raibh rogha ar bith acu. Measann sé nach mbeadh an aos óg ábalta a leithéidí a dhéanamh anois. | 00:02:13 | |